Gaeilge

FÓGRA TÁBHACHTACH

Tá an Comhairliúchán Poiblí Reachtúil ar dhréachtmhapaí tuile ar siúl anois ar http://maps.opw.ie/flood_draftmap_consult/

ón Aoine 20ú Samhain go dtí an Chéadaoin 23 Nollaig 2015, an dá lá sin san áireamh. Ba chóir tuairimí agus tráchta ar na dréachtmhapaí tuile a chur isteach tríd an suíomh gréasáin sin amháin.

 

Clár Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (Staidéir MBPTA) an Oirthir

Tá clár náisiúnta Staidéir MBPTA coimisiúnaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí.  ‘Sé an príomhbhealach maidir le riachtanis na Treorach Tuilte an EU a chomhlíonadh ná na Staidéir (MBPTA) agus tá siad ag teacht le Polasaí reatha Náisiúnta Tuile.

Tá sé Staidéir (MBPTA) ar siúl bunaithe ar Cheantar Abhantraí agus ní mór dúínn iad a bheith críochnaithe roimh deireadh 2015.  Críochnaíodh Réamh-Mheasúnú um Phriacal Tuile i Mí na Nollag 2011.  Le haghaidh limistéir atá i mbaol suntasach tuile ní mór dúinn mapaí priacal tuile agus guais tuile a ullmhú faoi Nollaig 2013 agus Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile a ullmhú faoi Nollaig 2015.

Scrúdóidh na Staidéir MBPTA bunchúiseanna tuilte suntasach ar fud gach Ceantar Abhantraí agus déanfaidh siad plean comhtháite de bhearta ar leith chun tabhairt faoi na tosca suntasacha priacal tuile i mbealach cuimsitheach agus inbhuanaithe.  Scrúdóidh na Staidéir na roghanna ar fad, struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha san áireamh, chun priacal tuile a laghdú.  D’fhéadfadh bearta struchtúrtha nithe ar nós tógáil cosaint tuile nó sreabhadh abhann a fheabhsú, nuair is cuí, a chuimsiú.  Déanfar iniúchadh ar réimse na roghanna neamhstruchtúrtha ar nós bainistiú uisceleibhéal agus córais rabhadh tuilte a thabhairt isteach.  Tógfar san áireamh sna Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile tosca geilleagracha, sóisialta, timpeallachta agus teicniúla.

Cheap an OOP na sainchomhairleoirí innealtóireachta, RPS, i mBealtaine 2011 chun tabhairt faoi Staidéir MBPTA an Oirthir. Cuimsíonn Ceantar Abhantraí an Oirthir, Contae Bhaile Átha Cliath agus codanna de Chontae an Chabháin, de Chontae Chill Dara, de Chontae Chill Mhantáin, de Chontae na hIarmhí, de Chontae Loch Garman, de Chontae Lú, de Chontae na Mí, agus de Chontae Uíbh Fhailí.

Beidh comhairliúcháin phoiblí i rith na Staidéir (MBPTA).

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil cuir r-phost chuig info@eastcframstudy.ie

Powered by WordPress